main title
Discover Primary Science
DPS Seahore Sensations DPS
 
Fáilte go togra Discover Primary Science, Céadfaí Cois Trá.

Is togra praiticiúil, traschuraclaim é Céadfaí Cois Cladaigh, do dhaltaí scoile, sa churaclam eolaíochta bhunscoile. Tugann Céadfaí Cois Cladaigh deis do dhaltaí an t-eolas agus na scileanna atá leagtha amach sa Churaclam Eolaíochta Bunscoile le haghaidh eolaíocht agus tíreolaíocht, a fhorbairt. Cruthaíodh an togra i gcomhpháirtíocht leis an gclár Discover Science and Engineering programme.

Cuireann ár bhfoireann oilte, saineolaíoch an togra i láthair agus is meascán de foghlaim fhionnachtanach agus spraoi atá i gceist. Tá an togra dírithe ar na hainmhithe agus gnáthóga a aimsítear i gCuan na Gaillimhe, agus úsáidtear na hacmhainní nádúrtha seo mar bhunús don Churaclam Eolaíochta.

Glacfaidh daltaí páirt i dturas idirghníomhach den uisceadán, freastalóidh siad i léacht ar Chuan na Gaillimhe, reachtálfaidh siad a shaotharlann fhionnachtach féin agus ansin líonfaidh siad ár mbileoga saothair amach, rud a chuideoidh chun an t-eolas agus na scileanna úra atá foghlamtha acu a threisiú. Gheobhaidh gach scoil atá páirteach ann creidmheas i dtreo an ‘Duais Feabhais’, as an gcuairt.

Déileálann Céadfaí Cois Cladaigh go díreach leis na codanna éigeantacha seo den churaclam – Eolaíocht, Nithe Beo, Fuinneamh agus Fórsaí, Ábhair, Timpeallacht, Feasacht agus Cúram, Tíreolaíocht agus Timpeallachtaí Nádúrtha.

Chomh maith leis sin, is féidir linn léargas agus comhairle a thabhairt ar ghníomhaíochtaí agus turgnaimh DPS gur féidir tabhairt fúthu sa seomra ranga.Tugann muid comhairle agus tacaíocht saor in aisce trínár suíomh gréasáin agus ríómhphoist do gach rang a ghlacann páirt i gCéadfaí Cois Cladaigh, ionas gur féidir le daltaí an leas is fearr a bhaint as an bhfoghlaim, nuair atá an turas go dtí Atlantaquaria thart.

Is féidir tabhairt faoin dtogra seo mar chuid de chlár ‘Duais Feabhais’ Discover Science and Engineering, nó mar thogra neamhspleách do rang ar bith atá ag obair ar an gCuraclam Eolaíocht Bhunscoile.

Fad: 3 Uair
Aois: 8 - 12 bliana d'aois
Costas: 7 euro a dalta
© Galway Atlantaquaria